Guth Mhachtíre
Tuairim na Seachtaine / Weekly Opine 27/9/2012

Níl a fhios ag éinne cad gur féidir leo a dhéanamh go dtí go mbíonn seans acu smaoineamh faoi, ach nach mór an taithí é nuair a bhíonn ort déaláil gan an smaoineamh agus nuair a éiríonn leat dá bharr!?

No-one knows what they can do until they have the chance to think about it, but what an incredible experience it is when you have to cope without the deliberation and you succeed as a result!?

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 23/08/2012

Cabhrú le daoine.  

               

hands clasped together

Uaireanta, bíonn sé éascadh cabhrú le daoine , airgead nó leabhar a thabhairt, is uaireanta bíonn orainn am a chaitheamh air; múineadh, éisteacht srl.  Chun an fhírinne a rá, bíonn sé níos deacra cabhair a lorg ná a thabhairt.  Gach rud ráite, nach gciallaíonn ‘fásta’ go bhfuil tú neamhspleách ó gach duine eile ar domhain.  Ciallaíonn fásta rud iontach domsa: ábalta laganna a admháil is a nochtadh.  Ní amháin go poiblí, ach go pearsanta chomh maith.  

Nuair a thagann duine ag lorg cabhrach, tuigim go raibh orthu troid leo féin sular chuir siad an cheist orm.  Conas gur féidir iad a dhiúltú?  Nuair is féidir libh ar fad, cabhraigí le daoine ionas gur féidir linne ar fad maireachtáil.  Mar atá ar eolas ag cách, Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Helping people.

Sometimes it’s easy to help people, lending a book or money and sometimes it demands of our time, teaching, listening etc.  To tell the truth, its easier to give help than to look for it.  When all’s said and done, doesn’t ‘grown up’ mean independent of everyone else in the world?“Grown up ‘ means something wonderful to me: to be able to admit your faults not just publicly, but personally too.



When people come looking for help, i know they’ve had to fight themselves before they’ve asked me.
  How could you refuse them? Help people when you can, all of you, so we can all exist.  As everyone knows, we live in each other’s shadow. 

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 12/7/2012

smiley facequestion mark in silhouetteNí thagann ciall roimh aois, ach ní cheapann an duine óg e sin riamh!  Níor cheap mise é agus ní dóigh liom go nglacfaidh mo chuid gasúir leis go dtí go bhfuil siad ag druidim in aois liomsa.  Sin an rud eile áfach.  Ag daichead is a ceathar, ní dóigh liom go bhfuilim sách sean chun a bheith ciallmhar ach oiread!  Ní mhothaím níos mó ná fiche cúig.  nuair a bhuailim le daoine eile anois, cuirim ceist orthu ” An bhfuil tú sásta le do shaol mar atá faoi láthair?”

Cuireann sé sin ag smaoineamh iad.  cuireann sé mé féin ag smaoineamh!  ”an bhfuilim sásta le mo shaol mar atá…..

Bhuel, …an bhfuil tú?

Sense doesn’t come before age, but no young person ever thinks that!  I didn’t think it and i don’t think my children will accept it till they are approaching the same age as me.  Thats another thing though.  At forty four, I don’t believe I’m old enough to be sensible either!  I don’t feel any more than 25!  When I meet people now, i ask them one question “are you happy with your life as it is at present?”  

That gets them thinking.  It even gets me thinking.  Am I happy with my life at present….

Well,  …are you?

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 5/7/2012

Ag obair le múinteoirí bunscoile atá mé an tseachtain seo agus daoine den scoth atá iontu ar fad.  Cé nach bhfuil ach dhá mhí acu don samhradh, tá siad ar ais ar scoil arís liom ag foghlaim faoi chláir bána.  Nuair a thagaim abhaile gach oíche, is tamall beag a bhíonn agam chun súgradh leis na gasúir agus nach mise a bhíonn ag foghlaim ansin?

Daidí cabhraigh liom…..  éist loom, bí liom srl.

Am beag ar gach rud agus rud eile á foghlaim an t-am ar fad.  sin a mholaim daoibh ar fad.  Luí sa gháirdín, gearr an féar, déan císte milis agus thar aon ní eile…  Bainigí sult as!


I’m working with primary teachers this week and they are all wonderful people.  Though they only have two months for summer holidays, they’re back at school with me again learning about whiteboards.  When I get home in the evenings, it’s little time I have to play with the children and sure isn’t it me who’s learning then?
Daddy help me,…   … listen to me stay with me etc
A little time on everything and learning going on the whole time.  That’s what i recommend to you all.  Lie in the garden, cut the grass, make a cake and above all else…  Enjoy it!
Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 29/3/2012

emoticon winkingIs leor an nod don eolach.  Sin a deirtear agus sin mar a bhíonn.  Ag an trá dé Domhnaigh seo chaite, bhíomar díreach tar éis teacht nuair a thit an cailín is óige isteach san uisce.  Eádaí nua uirthi agus ansin thit an dara chailín isteach! Nóiméad ina dhiaidh sin, thit an boc is sine isteach.  Eádaí leapan orthu, chauigh siad chun spraoi ar feadh fiche noiméad.  

Ar chuir an méad ama cois fharraige isteach orthu?  diabhal clú a bhí acu ach go raibh lá iomlán samhraidh caite acu ar an trá —— i mí Márta!  Nach féidir linn foghlaim uathu?  Bí sásta leis an méid atá agat agus gan bheith ag díriú i gcónaí ar nach bhfuil agat.  Tá’s agaibh féin.  Is leor an nod don eolach.


A nod is as good as a wink (to someone who understands)

That’s what’s said and that’s how it is.  On the beach last Sunday, we had just arrived when the youngest girl fell into the water. New clothes on her and the second girl fell in. A minute after that and the eldest boy fell in.  With pyjamas on them , off they went for a twenty minute play in the playground.

Did the amount of time by the sea bother them?  They didn’t have a clue except that they’d had a summers day on the beach—— In the month of March!  Can’t we learn from them?  Be happy with what you have, not constantly focused on what you don’t have.  You know yourselves.  A nod is as good as a wink (don eolach) 


Tuairim na Seachtaine / Weekly Opine 1/3/2012

two talking headsBígí ag Caint

Feictear domsa go bhfuil daoine ag gearán, ach nach bhfuil éinne ag éisteacht.  Tá daoine gan chomhluadar gach aon lá.  Seo rud atá i bhfad níos práinní ná an NASDAQ nó an ISEQ.  Chuaigh mé chuig ionad cúraim inniu chun éisteacht le scéalta roinnt daoine ón dtimpeallacht.  Bhuaileas le beirt dhuine dhéag agus iad ar fad ag fanacht ansin chun labhairt liomsa!  Bhí beirt bhan mhisniúil sásta amhrán a chanadh dom agus chonaic mé an sásamh ina súile acu nuair a thuigeadar go raibh duine éigin ag éisteacht leo.  Mhothaigh mé gur neartaíodh an chroí ionam agus tá mé cinnte gur bhain siad sult as an gcuairt.  

Pé dhuine, pé áit, pé am atá agaibh,  labhraigí lena chéile is le daoine ina naonar. Sa chaoi sin, spreagfar tuiscint is saibhreas pearsanta go forleathan arís sa tír seo agus fiú san domhan ar fad.

 

Talk

It appears to me that people are complaining, but no-one is listening.  Every day there are people who lack company.  This is something that’s much more urgent than the NASDAQ or the ISEQ.  I went to a nursing home today to listen to the stories of a few people from the area.  I met twelve people and they were all waiting there to speak to me!  There were two great women prepared to sing a song for me and I saw the happiness in their eyes when they knew someone was listening to them.  I felt the heart was strengthened in me and i’m certain they too enjoyed the visit.

Whatever person, place or time you have, speak to them and to people living alone.  That way, understanding and wealth of personality will once again spread all over this country and even to the world at large.

#cúrsaí #gaeilge #werewolfgaelach #tippmidwestfm #guthmhactíre

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 23/2/2012

An t-Am ar Fad ar Domhan

Bhuail mé le go leor daoine nua inniu agus meas tú ceard a tharla?  Bhí am agam labhairt leo agus am acu labhairt liomsa!  Bhí an chraic chomh maith sin gur tháinig bean isteach sa siopa seodóireachta ina raibh mé ag obair agus bhí ceapaire ubh friochta aici don cheathrar againn!  Is droch rud é an dífhostaíocht gan dabht, ach ag an am céanna,  nach deas an rud é am a bheith agat chomh maith?  

 

Moladh na seachtaine seo ná, muna bhfuil post agat, bain úsáid as an am atá agat! Labhair le daoine!  labhróidh siad leatsa, mar tá am acu freisin!  Ná déanaigí dearmad ar an seanfhocal gaelach sin; “ Ní hé an t-eolas atá agat an rud is tábhachtaí ach na cairde atá agat.”

All The Time in the World

I met lots of new people today and guess what happened?  I had time to talk to them and they had time to talk to me!  The craic got so good that a woman came into the jeweller’s shop with fried egg sandwiches for the four of us!  Unemployment is an awful thing, but  at the same time, isn’t it great to have time too?

 

This weeks advice is, if you don’t have work, make use of the time you do have!  Speak to people!  They’ll talk to you, because they have time too!  Don’t forget that old irish proverb; “It’s not what you know that’s important, it’s the friends you have.”

 

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 16/2/2012

Is leor rud beag

Anois a dhaoine uaisle, is cuma liomsa cad é an scéal faoi chúrsaí airgid, nó drochstáit na tíre srl.  Is é an rud is mó a chuireann meangadh ar mo bhéal domsa, ná daoine ag déanamh rud éigin , beag nó mór, do dhaoine eile.  Béile do chomharsan atá tinn, cuairt ar sheanduine, airgead a thabhairt gan ceist a chur cén fáth, nó go simplí, bheith ann do dhuine éigin eile.  S’í uaigneas and chéad céim ar bhóthar dorcha  aigne an duine.  Ní théann an bhóthar sin áit ar bith deas.  

Mar sin, a dhaoine, gan dul i mbun sagartóireachta dom, lig dom ceist a chur oraibh. Nach féidir linn ar fad cabhrú le duine ar bith eile?  Ní lotto é seo, mar cé gur rud beag é , íocann asainn ar fad.  Labhair is cabhair atá uainne mar dhaoine.  Bí ann do dhuine éigin.  Bhéidís ann duitse! 

 

A Little is enough

Now gentles, I don’t mind what the story is about money matters, or the state of the country etc.  what puts a smile on my face is people doing something big or small, for other people. A meal for a sick neighbour, a visit to an elderly person, giving money without asking why, or simply being there for someone else.  Loneliness is the first step on the dark road of the human mind.    That road doesn’t go anywhere nice.

So people, without turning myself into a priest, let me ask you a question.  Can’t we all help someone else?  This isn’t a Lotto, because though it is a small thing , it pays us all (dividends).  Help and chat are what we all crave.  Be there for someone.  They’d be there for you

 

Tuairim na seachtaine - Weekly Opine 9/2/2012

Tuairim na Seachtaine 9/2/2012

 

Headphones, heart and music notesIs leor atá i mbeagán ceoil

Ag teacht abhaile dom inniu, mhothaigh mé brónach.  Bhí drochnuacht cloiste againn sa chlann agus tá go leor daoine iontacha caillte ar fud na cruinne ag cairde liom.  D’fhéadfadh éinne bheith buartha.  Ní raibh éinne ach mé féin sa charr, agus mar sin, roghnaigh mé ceol mar leigheas.  Dlúthdhiosca a fuair mó bhean chéile don Nollaig agus d’imigh an bhrón.  Ceol álainn draíochtúil a bhí inti, agus go tobann, ní raibh spás ionam dom tromchroí.

Nílim ag rá gur leigheas do ghach rud é an ceol, ach mar atá ráite ag daoine níos cliste ná mise, aon rud a chabhraíonn linn, Elvis, Elgar nó Enya, ní chuirfinnse uaim é!  

werewolfgaelach

 There’s a lot in a little music!

 I felt sad while coming home today.  We had heard bad news within the family and friends of mine all over the world have lost many wonderful people.  Anyone would be upset.  There was no-one but me in the car, so i chose music as an antidote.  A cd my wife had gotten for Christmas and the sadness departed.  It was beautiful, magical music and there was no room in me for a heavy heart.

I’m not saying that music is the answer to all problems, but as people more clever than I have said, anything that helps us, Elvis, Elgar or Enya, I wouldn’t push it away!  

werewolfgaelach